Spideog

Gealghorm na spéire
trí uachtar na néalta
ina chúlbhrat ar éan ag ceol go neamhaí
lí na fola ar a bhrollach
ar chraobh órgaithe ag an ghrian.

Amanna,
creidim nach bhfuil a dhath eile
de dhíth orm.

 

back