Lá 21
Fáilte isteach chuig an cholún seo, agus fáilte amach arís más foghlaimeoir thú. Ní hé nach ansa liom foghlaimeoirí – agus ní féidir a shéanadh go mbíonn sé iontach greannmhar ag éisteacht leo ag streachailt le deacrachtaí an tuisil ghinidigh (ar thug sibh faoi deara an rud a rinne mé ansin?) gan trácht ar rialacha rúnda an tséimhithe – ach mothaím go dtugtar barraíocht airde orthu, mar ghrúpa, agus go ndéantar faillí dá bharr i ngrúpa eile, mar atá Gaeilgeoirí líofa atá ar thóir ábhar éadrom léitheoireachta ar bhlag Béarla.
Bhí an fhaillí chomh mór sin go raibh orm an spás seo a cheannach ón eagarthóir le hábhar léitheoireachta den chineál sin a chur ar fáil dom féin. (Cinnte, léim an blag seo, ach tuigim duit, a léitheoir léannta: is iomaí sin blagadóir nach n-athléann rud ar bith a scríobhann sé féin, mar is léir ón raiméis a chuirtear i gcló ar a shuíomh.)
Blag dóibh siúd a thuigeann é an blag seo, mar sin, agus tá dhá chiall ar a laghad i gceist agam leis an tuiscint sin. I dtús báire, is blag é dóibh siúd a thuigfidh gan stró na focail agus na habairtí fada, ina mbeidh fochlásal ag iomrascáil le fochlásal, coibhneas díreach in adharca le coibhneas indíreach, a úsáidfidh mé le mo smaointe caolchúiseacha a chur in iúl. Agus sa dara dul síos (cé nach raibh an chéad dul síos agam agus gur locht é sin dar le gramadáin áirithe), is blag é dóibh siúd a thuigfidh nach mbeidh plé ar bith ann ar an Ghaeilge mar chúis de chineál ar bith, ar dhóigheanna leis an Ghaeilge a chur chun cinn ná ar imeachtaí áitiúla Gaeilge (nach mbíonn achan imeacht ‘áitiúil’ ina cheantar féin?), ach amháin ar chúinsí grinn.
Nuair a bhí mé féin ag foghlaim na Gaeilge, ag am nach raibh sé tairbheach ná tráthúil, níor cuireadh in iúl dom go mbeadh claonadh ag daoine eile ina dhiaidh sin tuairimí áirithe a chur síos dom de thairbhe Gaeilge a bheith agam. A leithéid seo: bá a bheith agam leis an cheol thraidisiúnta; díograis a bheith ionam fá chur chun cinn na Gaelscolaíochta; foighne dhochreidte a bheith agam le foghlaimeoirí; dearcadh a bheith agam ar chúrsaí polaitíochta, go háirithe ar an cheist náisiúnta (mar eolas, is í seo an cheist náisiúnta: cad is fiú Ryan Tubridy?); fuath a bheith agam don Bhéarla. D’fhoghlaim mé an Fhraincis gob ar ghob leis an Ghaeilge agus, seachas an ceann deireanach sin, níor ghlac Frainciseoir ar bith leis go mbeadh tuairimí faoi leith agam toisc Fraincis a bheith agam. Níor cuireadh in iúl dom, mar shampla, go mbeadh orm suim faoi leith a chothú i gcáis, gráin a bheith agam ar na Gearmánaigh ná tuiscint faoi leith a aimsiú ar staid amaideach an duine i gcruinne gan chiall. Sin na Francaigh duit, áfach; tá siad chomh féinmhuiníneach sin go ligeann siad duit a dteanga a labhairt gan réamhchoinníollacha. Amhail is gur leor fáthanna cumarsáide le teanga a labhairt.
Ó thuigeann an bheirt agaibh atá fágtha anois an cur chuige NACH mbeidh agam sa spás seo, cad é go díreach a dtig leis an triúr againn a bheith ag súil leis sa bhlag féin? Dá ndéarfainn libh nach bhfuil mé iomlán cinnte mar nach bhfuil mé cinnte go mbeidh an t-airgead agam achan mhí leis an leathanach a cheannach ón eagarthóir, an mbeadh sibh sásta leis sin? Ach is iomaí sin racht a thagann orm ó lá go lá (cuir ceist ar mo Heinz Bean mura gcreideann sibh mé), agus is iomaí sin imeacht dáiríre atá greannmhar i ndáiríre a thiteann amach sa taobh seo tíre, agus mhol mo dhochtúir dom áit éigin chiúin a aimsiú leis an fhrustrachas agus leis an fhearg agus leis an ghliondar a chuireann a leithéid orm a scaoileadh amach. Agus nach áit bhreá chiúin é an leathanach seo? Is beag duine a thabharfaidh faoi deara muid anseo ar chor ar bith agus, mar gheall air sin, thig linn ár rogha rud a dhéanamh.
Is dócha, fiú, go mbeadh cead agam, agus go mbeadh sé sábháilte dom, tagairt a dhéanamh do theideal an ailt seo. Ní hamhlaidh go bhfuil mé i gcoinne Acht na Gaeilge. Is é rud go bhfuil mé go hiomlán i gcoinne Acht na Gaeilge. Ar imeall na sochaí agus ar imeall na tíre, sin an áit is dual don Ghaeilgeoir a bheith. Agus san áit sin, is mó taithí atá aige ar an dlí a sheachaint seachas ar an dlí a leanúint. Cad é a dhéanfadh an duine bocht dá bhfógrófaí go tobann go mbeadh an Ghaeilge dleathach as seo amach? Bheadh sé go hiomlán i gcoinne a dhúchais agus a thógála rud dleathach a dhéanamh, agus bheadh air, mar sin, an Béarla a tharraingt chuige agus an dlí a bhriseadh ar an dóigh sin. Tá Gaeilgeoirí ar m’aithne agus ní iarrfainn pionós ní b’fhóirsteanaí dóibh, ach, do mhórchuid na ndaoine bochta a bhfuil sé d’ualach agus de bhuairt aigne orthu Gaeilge a bheith acu, bheadh an pionós rud beag thar fóir. Trí lá na seachtaine, b’fhéidir, ach ní go deo na ndeor.
Agus féach cé chomh maith agus a d’éirigh leis na Meicsicigh ó dheas uainn maidir leis an Ghaeilge éigeantach sa chóras oideachais agus leis an stádas oifigiúil ina mbréag-Phoblacht. Mura bhfuil duine sásta foghlaim ó cheachtanna na staire, níor cheart dó a bheith ag dúil le trua nuair a tharlóidh an rud céanna arís. Ní searbh ná garbh atá an fhírinne, ach fíor. Fág dlíthe ag an dream ar suim leo iad agus fanaimis, Gaeilgeoirí réabhlóideacha Uladh, san áit is dual dúinn a bheith: ar an taobh mhícheart den dlí.
Ultach Mac Albanaigh